Na hIonaid (archive)

Please read The venues in the English website for information about the Congress venues: RDS, Croke Park and thirty four host churches. 

Tharlóidh an 50ú comhdháil chorp chríost idirnáisiúnta san ard-deoise Baile átha Cliath ón an 10ú Meitheamh go dtí an 17ú Meitheamh 2012.

An Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS)

Bóthar Merrion,
Droichead na dothra,
Baile Átha Cliath 4 

Páirc an Chrocaigh
Bóthar Mhic Sheoin
Baile Átha Cliath 

Beidh an searmanas oscailte agus na ghnáth imeachtaí ón an 11ú go dtí an 16ú meitheamh 2012 ag tarlú I gCumann Ríoga Bhaile átha Cliath

Tharlóidh an statio orbis, an searmanas dúnta ar an 17ú meitheamh 2012 I páirc an chrócaigh

RDS
Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS)

Sa bhliain 1731 tháinig ceathrar Éireannach déag le chéile i mBaile Átha Cliath agus é mar aidhm acu feabhas a chur ar dhrochstaid eacnamaíochta na tíre tríd an talmhaíocht, tionscal na healaíne agus na heolaíochta a chur chun cinn in Éirinn. Dar leo, d’fhéadfaí an sprioc sin a aimsiú trí eolas agus smaointe nua a scaipeadh. De réir a chéile tháinig forbairt ar an gCumann agus is as a d’eascair institiúidí móra náisiúnta mar Garraithe Náisiúnta na Lus (1795), An Coláiste Tréidliachta (1800), Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (1854), An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (1877), Árd Mhúsaem na nÉireann (1877), Músaem Stair an Dúlra (1877), Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (1877), agus an Institiúd Radium (1914). Le trí chéad bliain anuas leanann Cumann Ríoga na hÉireann ar aghaidh le brí agus le fuinneamh ag spreagadh forbairt na talmhaiochta, na n-ealaín, na heolaiochta is na tionscalaíochta timpeall na tíre. Déantar é sin trí mheán an oideachais, trí threoir phraiticiúil a chur ar fáil, trí aitheantas a thabhairt do árdchaighdeán agus trí chumas a ghríosadh. Tá a chuid oibre chomh tábhachtach inniu is a bhí sé i 1731.

Tá an neamhspleáchas agus an neamhchlaontacht mar bhunchloch an Chumainn.  Braitheann sé go huile is go hiomlán ar a acmhainní féin chun a chuid tograí a mhaoiniú, agus ar obair dheonach agus tacaiocht na mball, nach mbíonn leisce orthu riamh a gcuid ama agus a gcuid scileanna a chur ar fáil don Chomhairle agus do na Coistí.

Cé go bhfuil obair an Chumainn dírithe ar oileán na hÉireann, tá clú agus cáil air go hidirnáisiúnta de bharr  Taispeántas Bliantúil na gCapall. Bhí an chéad Thaispeántas Capall a ritheadh go heisíoch ag an gCumann féin ar siúl i 1868 sa suíomh ina bhfuil Dáil Éireann anois (b’shin ceanncheathrú an Chumainn ag an am). Tá an Seó anois ar cheann de na seónna capall is fearr sa domhan.
Toisc go bhfuil a chuid neamhspleáchais thar a bheith tábhachtach don Chumann úsáidtear a chuid foirgneamh agus a chuid talún chun airgead a shaothrú don chumann féin agus chun a chuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú. De bharr an suíomh a bheith lárnach sa chathair, tá éagsúlacht agus solúbthacht ag baint leis an spás atá le fáil ar cíos agus tá gach saghas saineolais in aice láimhe. Dá bharr sin uilig is ionad mór é an R.D.S. le haghaidh taispeántais is comhdhála, chomh maith le cruinnithe gnó is sóisialta. Fiú sa Phríomh-Airéine, áit nach mbíodh ach imeachtaí a bhain le capaill uair dá raibh, bíonn cluichí rugbaí agus sacair ar siúl ann anois go rialta.

Tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh gréasáin R.D.S.

Staid Pháirc an Chrócaigh

Croke_ParkIs é Páirc an Chrócaigh  príomhstaid agus ceanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael, an eagraíocht spóirt is mó in Éirinn. Tá an staid suite i lár na cathrach, 15 noiméad siúil ó Shráid Uí Chonaill, an phríomhshráid. Ón bhliain 1884 i leith tá an t-ionad á úsáid go príomha ag Cumann Lúthchleas Gael i gcomhair cluichí Gaelacha, go mórmhór Craobh na hÉireann sa pheil agus san iomáint gach bliain. Úsáidtear é freisin le haghaidh ceolchoirmeacha ag grúpaí móra idirnáisiúnta. Reachtáladh na searmanais oscailte agus dúnta de na Cluichí Oilimpeacha Speisialta ann i 2003. Nuair a bhí athchoiriú á dhéanamh ar staid Bhóthar Lansdúin, úsáideadh Páirc an Chrócaigh le haghaidh cluichí idirnáisiúnta rugbaí agus sacair.  

Ghlac C.L.G. seilbh ar an suíomh sa bhliain 1913 agus ó shin i leith tugtar Páirc an Chrócaigh air in onóir an Árdeaspag Tomás Cróc, duine de na chéad phatrún a bhí ag an gcumann.

Ins na 1980í shocraigh an cumann ar fhorbairt a dhéanamh ar an seanstaid. Críochnaíodh an obair ar an dearadh i 1991 le haghaidh staid do 80,000 de lucht féachana. Bhí ceithre chéim i gceist san athchóiriú, ag tosnú i 1993 le Seastán Uí Chíosóig nua agus ag críochnú i 2005 le Cnoc 16 nua. Thóg sé díreach breis agus dhá bhliain déag chun an obair a chríochnú agus níor chuir sé isteach ná amach ar chluichí chraobh na hÉireann i rith an ama sin. Sa lá atá inniu ann tá Páirc an Chrócaigh ar cheann de na staideanna is mó san Eoraip agus tá  Cumann Lúthchleas Gael an-bhrodúil as.   
      
Tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin Pháirc an Chrócaigh.

 

Ar ais chuig an barr